Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 367

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 367

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 367
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do luig an droch-shaoghal go trom ar an gceanntar so. Bhí níos mó daoine ann an uair sin ná mar atá anois. Deirtear go céad líntighe i mBaile Ui Dhuibhne san am san agus níl ach ceithre líntighe déag ann anois.
    Bhí fear ó'n dTír ag tarrac gainmhidhe lá amháin in aimsir an Ghorta Mhóir. San am san bhí tig san Ché mar a bhfuil an ceardtain anois. Nuair a bhí sé ag gabháil tar an dtig sin chonnaic sé daoine , agus fear a' tighe á thabhairt amach aca, agus é marbh leis an ocras.
    Nuair bhí Diarmuid Ó Dúbhda ag tógaint a thighe san Ché fuair sé cnámha daoine fé'n dtalamh agus fuair sé cómhra leis agus cnámha fir istig ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Éamon Ó Déada
    Inscne
    Fireann