Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 363
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do luig an droch-shaoghal ana throm ar na daoine sa cheanntar so. Do bhí i bhfad níos mó daoine i nÉirinn san am san ná mar atá anois.
Do lobhaidh na prátaí ins na poill agus ins na tighthe an uair sin. Do bhí turnapaí aca agus do lobhaidh na turnapaí agus ní raibh aon rud le n-ithe aca ach duileóga na gcrann agus féar glas , is do cailleadh mórán aca.
Aon mhaidin amháin nuair chuaidh na daoine amach bhí fear marbh ar an áit na bhfuil "Scoil Bhaile Uí Dhuibhne" suidte agus duileóga crann 'na bhéal aige. Agus bhí bean ann agus bhí mórán clainne aice. Ní raibh aon rud le n-ithe aca agus do chuir sí síos pota cloch agus nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó hUallacain
- Inscne
- Fireann