25/07/2016 Rogha na Seachtaine  (Féach tuilleadh »)

Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Domhnach Crom Dubh agus Pátrún Clocháin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 319

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Protastúnach do b'ead 'Crom Dubh' a bhí na chomhnaidhe i gClochán. Bhí beirt bráthar ag tógaint Sáipéil i n-aice Chlocháin ach ní raibh a ndóthain airgid aca. Annsan chúaid bráthair go dtí 'Crom Dubh' ag lorg airgid air. Níl aon airgead agam arsa Crom Dubh ach tá tarbh taobh istig dón gheata ins an bpáirc agus beirighídh libh é más féidir libh. Do bhí an tarbh chómh dána san ná leigfeadh sé aoine in aice leis. Bhíodar chun an tairbh do mharbhú. Cúaidh bráthair aca isteach go dtí an tarbh agus chuir sé i láh air agus má chuir d'fhan an tarbh socair. Thugadar amach an geata é agus núair a chonnaic Crom Dubh an bráthair mheas sé an tarbh do bhaint díobh. Thug an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Seán Ó Bric
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
(ní thugtar ainm)
Gaol
seantuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
82
Teanga
Gaeilge