Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 362

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 362

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 362
  3. XML “Béaloideas - An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do thuit an droch-shaoghal go cruaidh ar an gceanntar so san dhá bliain '47 agus '48. Do bhí mórán daoine insan áit seo roimh an "gorta" ach do cailleadh iad na gcéadta leis an ocras. Do lobhaidh na prátaí ins na tighthibh is ins na fuill. Annsan ní raibh aon bhiadh le n-ithe ag na daoine ach bhí min choirce ag na feirmeoirí móra. Do cuireadh iad i ngach aon áit mar ní rabhdar abalta ar iad do thógaint go dtí an roilig. Cuireadh iad i ngarraidhthe, ar thaobh na mbóithire gan chómhra gan aibíd, is gan sagart. Do chuaidh cuid eile acu thar lear go dtí na Stáit Aontuithe chun slighe-beatha do bhaint amach agus cabhair do thabhairt dos na daoine i nÉirinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann