Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 336
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó, agus bhí a bhean breóidhte. Chuaidh an fera a thriall ar bhean leighis. Ní bh'fagadh sé aon duine a raghadh in aonacht leis, mar thagadh an Diabhal á fheiscint i lár gach oidhche. Tháinig an Diabhal roimhe nuair a bhí sé ag dul a' triall ar an bhean leighis. Dúbhairt sé leis an Diabhal leigint do anocht agus go dtabharfadh sé Dia mar Uradh dho go dtiocfadh sé istoidhche amáireach. Chuir an fear fios ar an sagart. Tháinig an sagart. "Tháinighís ar do gheallamhaint," arsa an Diabhal leis an bhfear, "ach níor tháinighís gan teachtaire". Dhein an sagart trí bhogha sín i lár an bhóthair leis an uisce coisrighcean agus(leanann ar an chéad leathanach eile)