Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 325
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a lán dioghbhála dos na daoine. Guideann sé a lán eallaig is uain óga. Bíonn pruais fé talamh aige. Nuair a mharbhuigheann sé a lán eallaig cuireann sé fé thalamh in áit éicin iad go dtí go mbíonn ocras air arís. Tá an eas ruadh ana dainséarach. Marbhuigheann sé aon ainmhidhe a fhaghann sé na chodhladh. Is ins an gcnoc is mó a bhíonn an gearrfhiadhach tagann sé anuas ins na páirceanna ins an oidhche chun seamar agus féar glas do ithe. Deineann an ghráineóg a lán díoghbhála. Nuair a ghaibheann sí na ba ina luighe ólann sí an baine.
Bíonn nead ag an seabhach i bhfaillteacha. Deineann sé a lán díoghbhála mar goideann sé na sicíní óga os na daoine. Deineann an príochán a lán dioghbhála dos na prátaí. Deineann sé a nead ar bharr chrainn. Deineann an cearc fraoigh a nead ins an gcnoc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Néil
- Inscne
- Fireann