Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)

Suíomh:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 618

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 618

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Leathanach 618
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bí fear ann tamall ó shoin agus bhí lios na ferim.

    Bhí fear ann tamall ó shoin agus bhí lios na fheirm. Do thug sé cead do dhuine eile ná raibh aon talamh aige prátaí do cur sa lios. Nuair a bhí sé ag cur cré ortha trathnona amháin tainig an fear cuige anáirde ar capall iallait' agus dubhairt sé leis nach cumhang a bhí Éire ort agus teacht annsan do bhí a chuid stoic á chailliúint ag an bhfear gur leis an lios as san amach agus diarr sé ar muintir an leasa agus do cuir sé crainn ag fás timcheall an leasa annsan.
    Do bhí fear ann fadó agus tráthnóna amháin do bhí sé ag tabhairt na mba abhaile. Do bhí sé ag dul thar lios agus do cuala sé leanbh ag béichigh istig sa lios agus dubhairt a mhathair leis eisteacht go raibh na ba ag dul abhaile agus go mbeadh bainne aige. Nuair a chuaidh an fear abhaile dubhairt sé les na seirbhísigh gan aon braon a dhortadh ach nuair a bhí duine á thabhairt isteach i dtig an bhainne do thuit an buicéad as laimh agus do doirteadh é.
    Ó bhéal-aithris Pádraig Uí Cinnéide; Baile na Cúirte: Abha na Scáil. Feic scéalta eile.
    Tógadh síos ; Meitheamh '38
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Aois
    22481
  2. (gan teideal)

    Do bí fear ann fadó agus tráthnóna amháin do bhí sé ag tabhairt na mba abhaile.

    Do bhí fear ann fadó agus tráthnóna amháin do bhí sé ag tabhairt na mba abhaile. Do bhí sé ag dul thar lios agus do cuala sé leanbh ag béichigh istig sa lios agus dubhairt a mhathair leis eisteacht go raibh na ba ag dul abhaile agus go mbeadh bainne aige. Nuair a chuaidh an fear abhaile dubhairt sé le s na seirbhísigh gan aon braon a dhortadh ach nuair a bhí duine á thabhairt isteach i dtig an bhainne do thuit an buicéad as laimh agus do doirteadh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Cúirte, Co. Chiarraí