School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 435

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 435

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 435
  3. XML “Scéal - An Breathnach agus an Bhean Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a tháinig an Nodlaig dubhairt daoine go mba náireach an rud é í bheith istig ó Aifreann na Nodlag. D'árduig sé leis í 'na bhaclainn go dtí an Aifreann. Bhí aon leanbh amháin inghine acu, agus dubhairt an bhean leis an gcailín aimsire agus í ag imtheacht an leanbh a bhreith sa tseomra agus í do chongbháil ann go dtiocfadh sí féin abhaile. Taréis tamaillín d'airig an cailín ana chéol sa chistin. Do tháinig sí go dtí an doras agus an leanbh 'na baclainn aic, agus d'fhéach sí tré poll na h-eocrach, agus leis sin do buaileadh an leanbh sa tsúil agus do caochadh í
    Nuair a thánadar abhaile ó'n Aifreann dubhairt an bhean ná féadfadh sí féin fanúint níosa sia 'na fhochair i dtaobh í bhreith go dtí an tAifreann. Dubhairt sí leis annsan go gcaithfeadh sí imtheacht, agus dubhairt sí leis sara n-imthigheadh sí uaidh na comharsain agus na daoine muinnteardha a bhailiughadh agus go dtabharfadh sí dínnéar dóibh. Bhailig sé a lán des na comharsain go dtí an tig an oidhche sin. Bhí gach aon tsaghas ithe agus ól acu. Bhí na sméara dubha acu agus gach aon rud eile.
    D'imthig sí annsan ach d'fhág sí mar bhuadh acu bárr léighinn, bárr féile,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. mná sí (~369)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Gailleabháin
    Gender
    Male
    Informant
    Máire Bean Uí Ghailleabháin
    Gender
    Female
    Age
    76
    Address
    Na Dúnta Thoir, Co. Chiarraí