School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 267

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 267

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 267
  3. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Sar a fhágann sochraid an tig, cuirtear amach thar dorais na stóil, cathaoireacha, cláracha agus gach suidheacháin a tugadh isteach ó thighthe eile i gcóir an tórraimh. Cleachtar an nós san fós in Iarthar Chiarraidhe.
    2. Nuair a thagann an cómhra amach as an tig cuirtear ar stóil é, agus nuair árduightear ar ghuailnibh na bhfear é leagtar na stóil.
    3. Gabhann an sochraid bóthar áirithe ó gach baile go dtí an reilig. Is minic a bhíonn bóithre níos giorra agus níos fearr ann ach ní maith le daoine an seanchúrsa do thréigint.
    4. Deirtear nách ceart dul id' aonar go tóirreamh, ná teacht abhaile ach chómh beag.
    5. Suas go dtí fiche blian ó shoin is ar an mbórd sa chistin do shíntí an corpán. Bhíodh an falla taobh istig de' n mbórd clúdaighthe le bairilín bán. Do síntí dhá pholla nó maidí rámha ó chúl lochta go dtí an lochta ag bun na cistineach. Do síntí baralthín bán eile eatorra so os cionn an chorpáin. Do fhuaghtaí an baralthín so go h-órnáideach ar dhá pholla. Ar bhórd inaice leis an chorpáin bhíodh dhá choinneall déag, aon cheann déag ar lasadh ist oidhche agus ceann amháin múchta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry