School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 449

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 449

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 449
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Tae”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus a bhean 'na gcómhnuidhe inDrom a' Doire, cúpla céad slat ar an dtaobh theas de'n scoil seo, fadó, agus bhí aon mhac amháin acu. D'imthigh an tathair le bean ó Ghleann Chártaig (i gceanntar Chill Orglan) agus d'fhág sé 'na dhiaidh iad. Sa deire fuair a bhean amach go raibh sé in Uibh Ráthach, agus do chúm sí amhrán beag.
    "A Sheáinín, faigh do bháidín go ragham thar lear,
    Beidhmíd ag fuirse is ag rámhaidheacht go bhfhagham an cladhaire amach,
    Is dá srian ar na mnáibh do mheall do Dhaid"
    Chuaidh sí soir annsan ach má chuaidh ní raibh sé le fághail, agus ansan dubhairt sí:
    "Mo chéad slán siar le mná mánla na nDúnta thiar,
    Bhúr sáradh nár cáineadh os cionn na dighe riamh
    B'fhearr liomsa bheith láimh libh ar chiumhais an tor trím
    Ná an stát ar an áit seo is Gleann Chártaigh le díol."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Gleann na Mine Airde, Co. Kerry
  2. Dheinidis clover bán do sábháilt agus brúscar a dhéanamh de. Cuirtí 'á tharrac é fá mar a deintí le tae anois. Deintí saghas tae leis de'n "common moil" sa tslighe céadna, agus is é a bhí go deas milis, adeirtear.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.