Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 416

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 416

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 416
  3. XML “Caisleán na Min Airde”
  4. XML “Carraig na Cúirte”
  5. XML “Ainmneacha Cósta - ó Chnoc na hAcraí go dtí Ceann Tairbh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go bhfuaireadar EOCHAIR ana mhór nuair a bhíodar ag réabadh in aice an chaisleáin, agus gurb' í eochair doras an chaisleáin í. Do thóg Lord Ventry leis í agus ní fios ca'il sí anois. Fuaireadar creatallach fir leis 'na sheasamh díreach leis an bhfalla - is amhlaidh a thuit barra an chaisleáin lasmuigh de agus d'fhan sé ann.
    Do b'fhiú an caisleán so d'infhiuchadh mar is dócha go bhfuil sé ar cheann des na chaisleánaibh is fearr igCiarraidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Carn mór de charraigeachaibh móra léithe timcheall le leath mhíle ar an dtaobh thuaidh de'n scoil. Í istig i bpáirc ar an dtaobh chlé de'n mbóthar árd, idir Mináird Thoir agus Garrdhai na dTor. Tá "Páirc na Fola" ar an dtaobh eile de'n mbóthar, cúpla céad slat nios giorra do Gharrdhaí na dTor.
    Deirtear gur ar an gCarraig seo a bhíodh an cúirt ar siubhal ag muinntir an cheanntair seo nuair a bhí Dlighthe na mBreitheamhan fá réim in Éirinn. Tá an áit go h-árd os cionn cuid de'n bparóisde agus radharc ana bhreágh le feiscint uaithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry