Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 430

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 430

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 430
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Briseadh Long”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear fadó ann agus cailleadh a bean agus mí ón lá san do pós sé tar nais.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt an bhean:-
    Má fuaireasa bás níor fhágas an saoghal so,
    Do thána chugatsa go mear, lúthmhar,éadtrom,
    Béarfaidh me liom tú is in iubhair fé'n gcré thú,
    An áit ná buailfir cúis ar aon bhean.
    An Fear:-
    Cumraí m'anam ort a Shadhbh Ní Mhaonais,
    Agus tabhair dom aga chun m'anam a dhéanamh,
    Go labharfad leis an Sagart
    Agus leis an Eaglais naomhtha,
    Agus inneósad dóibh sin fáth mo scéil-se.
    Dubhairt sí:-
    Tabharfadsa san duit ach ní ar mhaithe leat féin é,
    Ach ag sábháilt m'anama ar pheaca na péine,
    Mar do chuirfinn cuaille cuilinn tríd' chroidhe is tríd'ghéaga,
    Mar d'fhágais mo mhuinntir ar díth céile.
    Nóra Bean Uí Shúilleabháin (60 bl)
    Gabhlán Árd,
    Liospóil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.