Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 425
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nóra Ní Mhuineacháin,cailín scoile, a fuair na paidreacha seo leanas ó shean bhean ins na h-Acraí(baile fearainn leath mhíle ón scoil. Tá an baile i bParóiste Abha na Scáil)
Brighid, Bean Uí Chonaill
Na hAcraí
Abha na Scáil
(Baintreach feirme 82 bl.)1. Gníomh Buidheachais:-
Beirim míle buidheachas leat a Thighearna i dtaobh mar gur chruthuighis mé, gur fhuscailighis mé,gur rinnis Críostuidhe agus Caitliocach díom,gur thugais slán mé tré gach cruadhchás agus baoghal bháis,go mór mhór ar feadh na h-oidhche atá imthighthe tharm,agus i dtaobh gach grásta eile dá'r bhronnais orm go nuige so.2. Gníomh Dóchais:-
A Thighearna,ag seasamh ar do mhór thrócaire agus le muinghín as do naomh gheallamhna, Tá súil agam maitheamhnachas d'fhágailt uait im'pheacaidhibh go h-uile,mar aon le deagh bhás agus glóire siorruidhe na bhflaitheas, Tré mo Thighearna agus mo Shlánuightheóir Íosa Críost,
Amen.3. Gearr Úrnaighthe na Maidne;-
Beirim suas duit a Íosa,tré(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Mhuineacháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na hAcraí, Co. Chiarraí