Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 401

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 401

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 401
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fein 'na diaidh féachaint an bhfeadfadh sé í ghábhail. Chuaidh sé amach sa gháirdín agus chonnaic an t-éan. D'imthig se chun breith uirre ach ma seadh thosnuig an téan ag léimridh is ag eitilt ó chrann go crann agus ó chlaidhe go port, agus ó árdán go h-ísleán, go dtí go raibh sé ana fhada ó bhaile. Bhí buadhairt ar an máthair nuair ná raibh a mac ag filleadh, agus dubhairt sí leis an tarna mac dul ar a thuairisc. B'sheo leis agus fuadar fá, agus sa deire thiar thall bhuail bóthar leis a thug díreach go barra faille é. Is ansan roimis a bhí a dhriotháir agus e ag feachaint sios ar an t-éinín a bhí ag bun na fhaille. Ní fhéadfadh ceachtar díobh teacht uirre mar bhí an faill ró ghéar, ní fhéadfaidís a súile a thógaint di, d'fhanadar 'na seasamh ansan fá mar a bheidís fá draoidheacht.
    Da mheid bróin a bhí ar an máthair indiaidh an chéad mac ba sheacht mheasa anois i nuair ná raibh an tarna mac ag filleadh. Nuair a chonnaic an mac og an cás 'na raibh si dubhairt sé go raghadh sé fein á lorg, ach cás di, ní leigfeadh sí é mar ná raibh aon mheas aice air. Sa deire chuaidh sé fein gan cead ó aoinne, agus sheól gaoth éigin fá dhéin a dhriotháraca é. Bhiodar ar bharra na fhaille fós agus a súile sáidhte acu ar an t-éinín beag gleoidhte. Thugadar órdú dho dul abhaile agus téadan mor
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    AT0551: The Sons on a Quest for a Wonderful Remedy for their Father
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Muineacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    54
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí