Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 249

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 249

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 249
  3. XML “Baile Fearainn - An Eaglais”
  4. XML “Baile Fearann - Min Aird Thoir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    2: Tá lios eile ar an dtaobh thuaidh de sin, é inaice tighe Sh. Uí Phrindibhil. Deirtear go mbíodh ceól sidhe agus uaireannta daoine ag gol le cloisint ann fadó. Thug na sídheóga bean ó'n Mináird Thiar, leo isteach ann uair agus d'fhágadar bean eile (iarlais) 'na hionad. Bhí amhras ag mnáibh an bhaile gur mar sin a bhí--chuadar isteach 'na tig lá, dheargúiodar bior iarainn sa teine agus bhíodar chun í dhóghadh nuair a theich sí agus tháinig an bhean eile abhaile.
    3: Tá lios eile ar an Eaglais in aice tighe Dhonnchadh Uí Ghailleabháin. Bhí bean ar an mbaile --tá sí caillte trí fichid bliain, agus dob' iongantach an t-amhránuidhe agus rinnceóir í. "Nell Bhán" a h-ainm. Chualaidh sí an ceól sidhe istig sa lios seo oidhche agus thug sí an oidhche ag éisteacht leis. Deirtear gur rínnc sí in éinfeacht leis na daoine maithe , agus gur fhoghluim sí an ceól sidhe uatha.
    4: Ta lios eile ar thalamh Mhicil Mac Gearailt timcheall le ceathrú mhíle ó thig Sheamuis Phrindibhil. Ana ghairid do thig an Ghearaltaig leis. An déanamh ceadna air agus tá ar na liosanna eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. B. Fearainn--Mináird Thoir:
    Tá dhá lios ar an mbaile seo-- fad ceathrú mile ón scoil seo, ar an dtaobh thuaidh. Iad cruinn, déanta do chré, agus níl ach 150 slata eatorra. Deirtear go bhfuil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí