Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 145
- XML “Tá an Fharraige na Gamhnaigh agus an Fáth go bhFuil an tIasc Gann Anois”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is minic a cloisim m'athair féin á rádh nár b'iad na trálaérí riamh a dhein an t-iasg a dhísgiú ach leómhnú Dé - lámh Dé a bheith i gcoinnibh na n-iasgairí agus níor b'aon iongna san. Cad na thaobh gur d'imthigh na sgadáin gainmhí as an srúil thíos, má seadh, áit a mbíodh suas le fiche duine á n-iasgach gach aon lá sa tseachtmhain geall leis agus laetheannta gur giorra de dachad duine a bhíodh ann agus bhí a ndóthain agus flúirse na ndiaidh acu a fágail. Gaibh síos anois agus feuch a bhfuighir fiú eirball sgadáin ann. Ní h-iad na trálaérí ná na na trálanna a chuir na ballaig agus na deargáin ar fán. Ní féadfaidís baint leó san mar is fés na cairrgeacha agus na cabhanna is mó a maireann siad. Is cuimhin liom féin, lem'linn féin, an chéad tógaint mór sgadán a bhíodh ar an dtaobh seo i gcómhnaidhe is i mBun Abhann in Abhainn a' Scáil a tógtaí é.
Agus ní chorruigheadh aoinne tímcheall annso a gcos indiaidh sgadán go dtí go mbíodh tuairisg ó Abhainn a Scáil ar dtúis Agus feuch le tamall maith anois nár chualaidh aoinne aon bhreac, sgadán ná mairciréal ná puínn eile a bheith i mBun Abhann agus neosfad-sa duit cad na thaobh.
Bhí oidhche agus sgadáin 'na ráthanna troma isteach sa cladach ann agus bhí ana chuid naomhóg las-muich díobh agus a líonta ar fiúnrí acu. Bhíodh an uair sin naomhóga ag cuid mhaith dw muinntir Abhann a' Scáil agus cuid de Bhaile'n Chláir ach go h-áirighthe. An oidhche áirighthe seo bhí naomhóga go flúirseach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí