Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 157
- XML “Bád na Binne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bád na Binne
Bhí duine uasal thall ar na Cealla agus b'fonn leis ná beadh aon bhád a bhuadhfadh ar a bhád féin i rás fé sheól. Bhí bád nótáltha aige féin agus mara dtugtaí aire dhi ní lá fós é. Bhí tigh tógtha os a cionn agus uisge na mara fúithe i gcómhnuidhe ar eagla go ndéanfadh an aimsir agus an spéir aon díoghbháil de agus chun ná crapfadh aon chuid de'n adhmad innte. Bhíodh fear i gcómhnuidhe gan aon ghnó ná cúram eile ach á glanadh agus á phéinteáil agus ag feuchaint 'na diaidh i slighe duit go raibh a éirim go léir ar an mbád eile. Lá dá raibh sluagh de bháid an Chalaithe tall ag iasgach tímcheall na h-áite ghluais sé chúcha ar nós an tseabhaic 'na bhád agus d'fhiafruig sé a raibh bád- na- binne 'na measg. Dubhradh leis ná raibh ach ba ró geárr go bhfeacathas ag teacht na radharc í. Siúd fé na déin é na bhád féin. Tháinig sé tímcheall le gaoith roimpi. Ní mór na tacaí a bhí déanta aige nuair a bhí sí chun na gaoithe aige. Ba ró geárr go raibh Bád-na Binne ag breith amach uaithe agus d'imthig sé uaithe ar fad agus suas imeasg na coda eile tamall maith roímpe.
Thuas i mBaile 'n Búdhlaoraig a deineadh Bád-na-Binne agus Peaidí Shéamuis, Saor Dhún Sídhean a dhein í do mhuinntir na Binne Báine. Ach ní togfadh siad san í tar éis í dhéanamh dhóibh. Díoladh le muinntir Chlothair tiar í. Lá go raibh muinntir Chinnáird ag iasgach thiar ar leac a Chúmach bhuaileadar le muinntir Chlothair agus Bád-na -Binne acu. Bhí bád Chinnáird ró trom ach theastuig a leithéid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí