Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Mac Uí Luasa”
  4. XML “Cath Bhord Uí Dhuinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní raibh aon chath riamh nar tháinig duine éigin saor as ach amháin Cath Bhord Uí Dhuínn, ó dheas i dtaobh éigin ó Uibh Ráthach go Cathair Chorcaighe. Is amhlaidh a tháinig ochtar bitheamhnach lá go raibh na fearaibh go léir ar an bhfairrge agus óir ná raibh aoinne chun cosg a chur leó chomáineadar leó na ba go léir 'na chreach rómpa
    "Triúr is cúigear ó'n Scairth
    fear agus seacht o Bhórd Uí Dhuínn"
    Nuair a tháinig na fearaibh abhaile d'ínnseadh an sgéal dóibh agus connus mar a bhí. D'fhiafruigheadar an mó fear a bhí ann agus dubhradh leó ná raibh ach ochtar. Dubhradar san ná ragadh go deó na ndiaid ach ochtar - fear ar fhear. Ba dhial an muinghín a bhí acu asta féin. Ní foláir nó bhí na fearaibh tóghtha. Thánghadar suas leis an dream eile
    "Ar ínse ghlas ar bhruach na Suínn"
    agus buaileadh cath cómh diain gur mharbhuigheadar féin a chéile. Bhi an dé fanta in aon fhear amháin. Bhí sé ag gearán agus an oidhche ann nuair a ghaibh cailín óg an treó. Nuair a chualaidh sise an gearán truaghmhéileach d'fhiafruig sí "An
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Chiarraí