Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 007
  3. XML “Ní Bhíonn Aon Fháilte Roimis an mBás”
  4. XML “Droichead a' Teaidí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    orm gur bh'é an bás a bhí ann feuchaint ar bh'é an grá' ceart a bhí agat dom. Ach anois" arsan fear leis an mnaoi,"gaibh-se do bóthar féin agus geobhad-se mo bhóthar féin an chuid eile dem' shaoghal"agus níor ghaibh an lanú le chéile as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Droichead a' Teaidí
    Conchobharach do bheadh "Teaidí"- b'fhéidir gurab' é'n ainm ceadna le "Téidí" é. Bhí ceathrar ingean ag Teadaí. Phós duine acu Jack i gCeann-Áird b'in í máthair Ghriagair Aghas. mac do Ghriagaire do b'eadh Tomás a cailleadh de dheasgaibh an Hunger Strike i Mountjoy. Inghean eile de Theaidí a bhí pósta ag Athair Jack Bhilly- Brosnachánach ar an bhfoiraigh [?] Inghean eile a bhí pósta sa tobar annso thíos. mac dí a bheadh Eoghan Eichtigeirn agus bhí an bhean eile pósta ag athair Jim Dowd thíos ar an gCoill Mhóir in aice an Clocháin. Cuir isteach anois cad é'n fhaid ó glaodh Droichead a Teadaí ar Dhroichead Lios-póil.
    ( Pádraig Ó Súilleobháin 78 Ceannárd - a chualaidh go rabhthas ag cur droichid nuaidh i Liospóil- bhíos-sa á cheistiú i dtaobh an tsean-dhroichid agus fáth gur tugadh "Teaidí" air agus cén fhaid a bhí sé tógtha 7c. [etc.] S. Ó Súilleobháin O.S.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. O Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Chiarraí