Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 055

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 055

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 055
  3. XML “Na Deachaithe i gCinn Aird”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé'n bhrí a bhí leis na deachaimhthe ná go gcaithfeadh na Sasanaigh (na Protastúnaig) an 10adh cuid de gach curadóireacht a dh'fhághail, sé sin an 10adh punann choirce agus an 10adh leabhaidh phrátaí agus an 10adh cuid de gach curadóireacht eile agus annsan níor ghádh dhóibh féin aon chur a dhéanamh ná a dhuag dh'fhágail faid a bhí na daoine ba bhoichte des na Gaedhil á dhéanamh dóibh. In inead aon churadóireacht a dhéanamh is amhlaidh a dheineadh na Sasanaig sin beithíg a chur ag reamharú na gcuid talmhan féin. Thagadh an ministir agus ann aoirí go leór fairis ag tómhas na ndeachaimhthe agus á mbailiú. Thabharfadh sé an chéad tseans do'n té gur leis an gort, ar an ndeachú do cheannach agus muna ndéanfadh san é thógaint bhíodh dream leanamhna ag an ministir a dheineadh é ceannach gan puínn tathant. Is minic ná bíodh an t-airgead oireamhnach ag na daoine chun an deachú do cheannach agus is minicí ná san ná bíodh oiread acu agus a cheannóchadh an deachú.
    An ministir deirneach a bhí ag bailiú na ndeachaimhthe i bparróiste Chinn Áird do leath-mharbhuigheadh é agus cailleadh sé seachtmhaine nó cúpla mí na dhiaidh san é de dheasgaibh goirtiú a fuair sé an lá san, cé go raibh a bháillí agus a lucht leanamhna 'na theannta an lá san níor shaoradar é. An lá san is amhlaidh a bhí an parróiste go léir nách mór ag bailiú feamnaighe theas i bhFaill an tSrutháin agus nuair a thagadh duine mar thagadh go bara an Mháma d'fhágaidís a nualaighe annsan nuair a chídís an bailiú agus nuair chloisidís an gleó agus an geóin a bhí ar siúbhal sa bhaile agus ghluaisidís fé dhéin an chatha. Do chuir cuid des na fearaibh éadach ban ortha agus cuid des na mná éadach fear ortha chun ná h-aithneóchfaí iad. Nuair a bhíodar ag bailiú dubhairt bean éigin. "Feuch anoir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Chiarraí