School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 116
  3. XML “Dhá Árthach i gCuan Fionntrá”
  4. XML “Long an Fhíona”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cúntaisí ó'n bhfear anoir agus srois sé suas isteach go Caisleán na Maingne ach bághadh an ceann eile ar an mbarra agus níor saoradh aoinne a bhí innte. Áit ana anacair iseadh an barra agus casann an sruth anonn sa'nall.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí tamall ann agus ní raibh tig na treabh ar talamh Cinn-Áird-Iarraighe ach amháin pé fotharach a bhí ar Árd-na-Fotharaighe-Gile. Ní fheadar gadaé'n saghas fotharaighe a bhí ann. Ach tá cuid des na clocha geala a bhí á tógaint thall is abhfus ins na cladhthacha tímcheall. San am san bhí a lán aitin agus raithnighe agus gach aon tsaghas lutharnaighe ag fás go h-iomadúil ó Cheann Árd a' Teampaill go fairrge. Bhí an áit go léir na bhfásach crón-ceart. Nuair a bheireadh bó amuich an uair sin caithtí seachtmhain fada díreach go minic á lorg. Seán Mór ÓGríbhthín go raibh cómhnuighe air i gCeann-Árd-an- Teampaill go raibh an líomatáiste sin go léir aige. Taoiseach de shórt dob'eadh é agus bhí cáirdeas mór idir é agus dream éigin sa bhFrainnc agus is mó bairrille bríoghmhar fíona a tháinig isteach go Cuas- an -Chapaill agus in Chúl Tráigh agus go Cuaisín na mBó in am mairbh na hoidhche. Maidean bhreágh sa tsamhra bhí ceó tirim dorcha marbh anuas ar an dtalamh is ní mór go bhfeicfeá an té a chuirfeadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male