Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 146
- XML “Tá an Fharraige na Gamhnaigh agus an Fáth go bhFuil an tIasc Gann Anois”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ann agus sgadáin le h-anaman na marbh. Pé 'cu bhí braon ólta ag criú naomhóige acu - mar lucht mór óil a b'eadh mór chuid acu - nó tuirse an lae b'fhéidir. Pé 'cu san é cheangluigheadar an naomhóg do théid cinn-línn agus shíneadar thórsa agus chodluigheadar. Nár tháinig criú naomhóige eile agus chuarduigheadar an líon agus nuair bhraitheadar go raibh iasg ann ghearadar an téad cínn-línn agus d'árduigheadar leó an líon amach i lár bágha chun an t-iasg do réidhteach as agus annsan chaitheadar an líon i bhfuirrge. Ní hé sin ba mheasa sa sgéal ach ní raibh aon nidh chun an naomhóg agus an criú na gcodladh innte do choimeád ó'n b'fhaill annsan. Dá gcaithfaí isteach ar an gcairrg í ní shaorfadh an saoghal iad. B'é leómhnú Dé é gur soir a gluais sí le taoide is dócha agus nuair a bhí sí á luasgadh leis na tonnaídheacha istig ar thráig Ínse sin é an uair a mhúscaluigheadar as a suan. Nár deas an obair í.
Nuair a bhí Geraldus i mBaile 'n tSagairt na cómhnuidhe sa tigh mór iseadh tháinig na trálaérí in Daingean ar dtúis. Giúistís a b'eadh Geraldus agus is aige sin agus a leithéidí a bhíodh na trálaérí agus bhíodh cuid de mhuinntir an Daingin á n-oibriú dóibh. Bhíodh págh lae dos na fearaibh sin agus ádhbhar na theannta don gcaptaén a bhíodh ar an dtrálaér. Bhí Deairbí Mhicil a bhí ar an mbaile 'na captaen ar cheann acu. Ana fhear fairrge dob'eadh Deairbí agus chómhnuig sé ar feag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí