School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 145
  3. XML “Tá an Fharraige na Gamhnaigh agus an Fáth go bhFuil an tIasc Gann Anois”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is minic a cloisim m'athair féin á rádh nár b'iad na trálaérí riamh a dhein an t-iasg a dhísgiú ach leómhnú Dé - lámh Dé a bheith i gcoinnibh na n-iasgairí agus níor b'aon iongna san. Cad na thaobh gur d'imthigh na sgadáin gainmhí as an srúil thíos, má seadh, áit a mbíodh suas le fiche duine á n-iasgach gach aon lá sa tseachtmhain geall leis agus laetheannta gur giorra de dachad duine a bhíodh ann agus bhí a ndóthain agus flúirse na ndiaidh acu a fágail. Gaibh síos anois agus feuch a bhfuighir fiú eirball sgadáin ann. Ní h-iad na trálaérí ná na na trálanna a chuir na ballaig agus na deargáin ar fán. Ní féadfaidís baint leó san mar is fés na cairrgeacha agus na cabhanna is mó a maireann siad. Is cuimhin liom féin, lem'linn féin, an chéad tógaint mór sgadán a bhíodh ar an dtaobh seo i gcómhnaidhe is i mBun Abhann in Abhainn a' Scáil a tógtaí é.
    Agus ní chorruigheadh aoinne tímcheall annso a gcos indiaidh sgadán go dtí go mbíodh tuairisg ó Abhainn a Scáil ar dtúis Agus feuch le tamall maith anois nár chualaidh aoinne aon bhreac, sgadán ná mairciréal ná puínn eile a bheith i mBun Abhann agus neosfad-sa duit cad na thaobh.
    Bhí oidhche agus sgadáin 'na ráthanna troma isteach sa cladach ann agus bhí ana chuid naomhóg las-muich díobh agus a líonta ar fiúnrí acu. Bhíodh an uair sin naomhóga ag cuid mhaith dw muinntir Abhann a' Scáil agus cuid de Bhaile'n Chláir ach go h-áirighthe. An oidhche áirighthe seo bhí naomhóga go flúirseach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry