Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 009
- XML “An Ceol Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ar ór ná ar airgead, ar bhagairt ná an mhealla." " Ní thabharfad suas é." ar seisean. D'imthigh na sidheóga uaidh annsan mar bhí a fhios acu nár b'aon mhaith a bheith leis, agus bhíodar cráidhte. Chuaidh Seán abhaile annsan agus d'inis sé dhá mhuinntir cad a bhí tar éis tuiteam amach. D'iarradar ar an port do sheinnt. Do dhéin agus níorbh ró-fhada a bhí sé ag seinnt nuair a chualathas an raic amuich. Do stad sé láithreach agus chuaidh sé in doras. Is amhlaidh a bhí daoine beaga amuich - na mílte acu - amuich sa bhuaile agus iad síos suas soir siar. I gcionn tamaill d'imthigeadar. Ní fhéadfadh Seán cuimhneamh ar ainm an phuirt go dtí maidean amháin nuair d'éirigh an cailín aimsire chun teine d'adú. Bhí cúpla fód móna na láimh aice. Is amhlaidh a bhí an gadhar na luighe in iomal na luaithe roimpe. Do bhuail sí an gadhar le na cois agus dubhairt sí, " Éirigh as san mara b'ort atá an suan - sámh." " Ó" arsa Seán, "siné ainm an phuirt - "Suan Sámh."
Nuair a bhíodh sé chun an phuirt do sheinnt i dtigh, múcadh sé an teine agus crochadh sé corcán os a cionn, chuireadh sé bolta ar an ndorus agus dhúnadh sé na fuinneóga agus annsan mhúchadh sé an solus. Chómh luath agus thosnuigheadh sé ar an bport do sheinnt bhíodh na sídheóga amuich agus an-fhothram acu. Aon oidhche amháin bhí sé na chodladh agus tháinig na sídheóga airís chuige agus d'iarradar air airís an port do thabhairt suas. Ní thabharfadh. Dubhradar go mbrisfidís cos leis. Igcionn seachtmhaine nár bhris sé a chos agus níor b'fhada 'na dhiaidh san gur briseadh an lámh- ach ní ghéilfeadh Seá. Annsan dubhairt na sídheóga(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Eichtigheirn
- Inscne
- Fireann