Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 010
  3. XML “An Ceol Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis gan an port do mhúineadh d'aoinne beó ach dá mhac ba shine. Lá dá raibh fear ó Chorcaigh sa Daingean bhí fear ó Shasana na theannta sa tigh céadna. Pé slighe a tháinig an chainnt anuas bhíodar ag cur síos ar cheol agus ar cheoltóireacht agus dubhairt an Sasanach go raibh fear ar a aithne i Sasana agus ná raibh a leithéid eile de cheoltóir sa domhan mór uile. Ránaigh go raibh aithne ag fear Chorcaighe ar Sheán agus am basa go ndubhairt sé láithreach go raibh fear sa Daingean annso a bhuadfadh ar an gceoltóir a b'fhearr i Sasana. Cuireadh geall mór trom síos. Tugadh costaisí an bhóthair sall go Sasana do Sheán ach go h-áirighthe. Do tóghadh breitheamh mar fear-cirt. An fear a b'fhearr chun ceóil i Sasana a cuireadh a' seinnt ar dtúis. Do dhein sé an ceól go h-áluinn aoibhinn aerach. Thógdadh sé scartacha de chroidhe dreóidhte bheith ag éisteacht leis an gceol san. D'iarradh ar Sheán a phort do sheinnt. Do sheinn sé an "Suan Sámh" agus do sheinn sé go binn agus go minn bhí fuaim na dtonn ar gainmh na trága ann bhí ceol na mbeach bhfiain agus sidhe-cheól na cliarsaighe tráthnóna gréine ann. Bhí siosarnaig na gaoithe buige agus plubarnaigh an tsrutháin cnuic agus caoine na mná ag cur leinbh cun suain ann. Sé dubhairt an breitheamh, "Ní hé lámh an duine beó do sheinn riamh an port san." Bhí an geall ag fear an Daingin. Deir daoine go bhfuil a sliocht na mbeathaigh fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Eichtigheirn
    Inscne
    Fireann