School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 009
  3. XML “An Ceol Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Ar ór ná ar airgead, ar bhagairt ná an mhealla." " Ní thabharfad suas é." ar seisean. D'imthigh na sidheóga uaidh annsan mar bhí a fhios acu nár b'aon mhaith a bheith leis, agus bhíodar cráidhte. Chuaidh Seán abhaile annsan agus d'inis sé dhá mhuinntir cad a bhí tar éis tuiteam amach. D'iarradar ar an port do sheinnt. Do dhéin agus níorbh ró-fhada a bhí sé ag seinnt nuair a chualathas an raic amuich. Do stad sé láithreach agus chuaidh sé in doras. Is amhlaidh a bhí daoine beaga amuich - na mílte acu - amuich sa bhuaile agus iad síos suas soir siar. I gcionn tamaill d'imthigeadar. Ní fhéadfadh Seán cuimhneamh ar ainm an phuirt go dtí maidean amháin nuair d'éirigh an cailín aimsire chun teine d'adú. Bhí cúpla fód móna na láimh aice. Is amhlaidh a bhí an gadhar na luighe in iomal na luaithe roimpe. Do bhuail sí an gadhar le na cois agus dubhairt sí, " Éirigh as san mara b'ort atá an suan - sámh." " Ó" arsa Seán, "siné ainm an phuirt - "Suan Sámh."
    Nuair a bhíodh sé chun an phuirt do sheinnt i dtigh, múcadh sé an teine agus crochadh sé corcán os a cionn, chuireadh sé bolta ar an ndorus agus dhúnadh sé na fuinneóga agus annsan mhúchadh sé an solus. Chómh luath agus thosnuigheadh sé ar an bport do sheinnt bhíodh na sídheóga amuich agus an-fhothram acu. Aon oidhche amháin bhí sé na chodladh agus tháinig na sídheóga airís chuige agus d'iarradar air airís an port do thabhairt suas. Ní thabharfadh. Dubhradar go mbrisfidís cos leis. Igcionn seachtmhaine nár bhris sé a chos agus níor b'fhada 'na dhiaidh san gur briseadh an lámh- ach ní ghéilfeadh Seá. Annsan dubhairt na sídheóga
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    S. Eichtigheirn
    Gender
    Male