School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 011

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 011
  3. XML “Trí Léinteacha den Ceannabhán Móna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Trí Léinteacha de'n Ceannabhán-móna.
    Do bhí rí ann fadó - má bhí is minic a bhí agus beidh airís leis agua phós sé. Do bhí triúr mac agus ingean acu nuair a leig an bás lámh ar a mnaoi agus do cailleadh í. B'í an inghean an té ba sine do'n clainn agus do choinibh a h-athair sa bhaile aige séin í sin.
    Do chuir sé an triúr leanbh eile amach ag triall ar thriúr dreibhséar do bhí na gcomhnuidhe sa tsráid bhig a bhí i ngiorracht dó, agus do bhí sé ag tabhairt díoluíocht mhaith dóibh as a dtrioblóid. D'fhan an sgéal mar sin annsan go dtí gur chuimhnig sé ar phósadh airís agus chuige sin chuaidh sé ag triall ar a dreibhséaracha agus d'innis sé dhóibh é. Dubhairt sé leó go ndéanfadh sé tigh fé talamh do'n dtriúr mac mar gur mhór leis a raibh de muirín air agus go dtabharfadh sé féin aire dhóibh le congnamh na ndreibhséar. Nuair a bhí an tigh déanta aige, do chuir sé an triúr mac ann agus do chuir sé gadhar mór láidir na dteannta. Bhí tuisgint idir é féin agus an ingean biadh a chur ag triall ortha coitchianta i ngan fhios d'aoinne mór tímcheall ortha ar eagla go bhfuigheadh aoinne amach go raibh a leithéidí i naon cor ann. Annsan do dhein sé cleamhnas le mnaoi uasail do bhí abhfad ón áit na raibh sé féin na chomhnuidhe. Do phós sé an bhean so agus thug sé leis abhaile í go dtí a chúirt féin. Bhíodar ag maireachtaint annsan go suaimhneasach feadh a bhfad go dtí lá 'nar ghaibh an bhean uasal so amach di féin. Do chuaidh sí go dtí an tsráid bheag a bhí leathais (le h-ais) na háite. Agus í ag siubhal tríd an sráid ghaibh sí thar tigh a bhí ann. Le linn gabháilt thar dorus an tighe dhe dleamhnaigh sí agus thuit sí. !Ó táim bascaithe," ar sise. "Mhuise conách san ort" arsa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0451: The Maiden Who Seeks her Brothers
    Language
    Irish
    Collector
    Conn Ó Scannláin
    Gender
    Male
    Address
    Cluain Chortha, Co. Kerry