School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 126
  3. XML “Uaigh na Husseys i gCeann Aird”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I "Romantic Hidden Kerry" tá sé tugta go bhfuil uaig Muinntir Husaé i gCeann Áird agus gur ann a cuireadh na Husaés go léir ach amháin Clarissa. Seo mar atá.
    Thóg Clara Husaé uaig bhreágh di féin i gCeann-Áird ach i gCorcaig a cailleadh í agus nuair a tugaidh a corp abhaile is i Sáipéal an Daingin a cuireadh í - istig sa tsáipéal. Agus níor cuireadh aoinne san uaig i gCeann Áird go dtí tamall maith na dhiaidh san. Ach annsan cuireadh san uaig fear des na Husseys a marbhuigheadh i gcómhrac aoinir agus sin ar cuireadh ann go ceann a bhfad airís. Bhí fear eile de'n dtreibh sin á chur ann agus nuair a h-osgluigheadh an uiag ní raibh istig innte ach mion-chnáthairt an chéád-fir agus annsúd go soiléir le feisgint ag an saoghal mór bhí an piléar (an bullet) a mhairbh é. Deineadh ana iongantas do san am san agus cloisinn na sean daoine ag trácht air
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry