School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 154
  3. XML “An Teampall Liath”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá seana-fhothrach annso thíos i bpáirc an Teampaill agus rud is anamh is iongantach! Is istigh i lios mór atá sé tógtha. Deirtear go bhfuil sé os cionn míle blian d'aois. Is mó gaoth agus grian atá feicithe aige agus is mó cor atá curtha ag an saoghal do ó tógadh ann é. 'Sé 'n ainm a ghlaodhann siad anois air ná an Teampall-Liath ach tugadh na sean-duine Teampall Mártan air. Bhí sé ráidhte gur gaol do Pádraig Naomhtha an Mártan so. Curtaí daoine marbha ann fadó ach is mó lá anois ó cuireadh aoinne ann, ach amháin leanbhaí óga a chaillfaí gan baiste. Níor chualadh gur cuireadh aoinne acu san féin ann le fada 'n lá. Bhí duine uasal 'na chómhnuidhe tímcheall na háite tamall maith ó shoin agus bhí capall ráis nótáltha aige go raibh ana meas aige air. Bhí ainm an capaill anáirde ar fuaid na dúthaighe. Ach oidhe amháin cad deirir nár buail "gripe" an capall agus cailleadh fé mhaidin é. Bhí ochlán an domhain ar an nduine uasal na dhiaidh agus nár chuir sé iachall ar na tiréontaighthe a bhí fé, teacht agus an capall do thóramh mar dhéanfaí Críostaidhe. Lár na mháireach chaitheadar sochraid mór a thabhairt don gcapall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Mhuircheartaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Bóthar Breac, Co. Kerry