School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 123
- XML “Laoch ar Lár”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a cailleadh Muiris Ó Muinneacháin i Sráid Eoín sa Daingean ba leis an talamh go léir i Sráid Eóin agus Croisin agus Fearann Uí Stín. Go Ceann Árd a bhí an chóiridhe le teacht ach bhí tuille mór ar an Lóndrach rómpa agus ní leigfeadh eagla d'aoinne tabhairt fé'n seana Caidhséar, mar a bhfuil Droichead a' Tobair anois, sall Ach triail Peats h-Iarflaithe é le na chapall. Capall iallait a bhí aige agus bhí uisge na h-abhann ag imteacht de dhrom an chapaill agus é ag tabhairt fé sall agus d'éirigh leis sroisint sall. Annsan chuaidh seisear fear toghtha fé'n gcómhrain - gaisgiaig a dhuine go raibh a n-ainm anáirde le neart - Tadhg O Brosnachain a bhí ar an gCluain agus a chuir fé na dhiaidh san i mBaile'n Bhúdhlaoraigh, Peats Brosnain na Rinne Buidhe athair Michíl Uí Bhrosnacháin Tadhg Mór (Ó Murchadha) an Tobair, Seán Jim Chinnáird, Jamesy Mhaonais (Sítheach) Baile'n tSagairt agus Seán Joe (Ó Flathairtig) ó'n Rinn-Bhig. Ní raibh an droichead ann an uair sin agus an tAthair Domhnall ba bhun le h-é thógaint riamh ann. Bhí an t-Athair Domhnall lá ag dul ar na "Stations" sa Tobar - Lá mór báistighe - Ní fheadar a raibh sé chómh h-olc leis an 8adh July 1922 nuair a bághadh na caoirigh go léir agus ocht gcinn de beithíg i nGabhlán. Tháinig na beithíg báighte ar an dTráig-Bheag le tuile agus ba mhór an radharc a raibh de chaoirig báighte tugtha ag an dtuile ar an dTráig an lá san. Ach an lá so a bhí an tAth. Domhnall ag dul ar an dTobar bhí tuile agus ádhbhar maith taoide ar an dtráigh Tug sé fé'n dtraig ar a capall iallait ach coinnibh sé(continues on next page)
- Informant
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Ístínigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry