Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 524

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

an sagart le na chapall agus cad a dhein an gabha ach cruidhte a chuir fé chapall an t-sagairt roim capall an bhuachalla. Chuir san fearg ar an mbuachaill agus nuair a bhí cruidhte fé na chapall dubhairt sé an rann so leis an ngabha:

Mo chráidhteacht agus is breágh an rud an rachmhas,
Agus is maith iad na sagairt gan dabht,
An cheárdchain nuair a théid le na gcapaill,
Cuirtear árdú go tapaidh na mbonn,
Ach anois ó táim-se im' chaonaidhe bhocht dhealbh,
Taobh cois falla go fonn, mo mhallacht so ag an gceárdchain seo ar maidin,
Fé mar d'fhág Pádraig ag sliocht mhaga an domhain.