Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)di. Aon oidhche amháin ghaibh cúigear fear isteach chuige ag déanamh cleamhnais do bhuachaill óg a bhí in aonfeacht leó.Deineadh an cleamhnas agus fuair an fear adhbhar maith airgid do'n inghean ach nuair a bhí an cúigear ag dul abhaile chuímhnigh sé ar féin agus ghlaodh sé ortha. Dúbhairt sé leó go gcaithfeadh sé féin a thuille spré d'fhágáil mar gheall ar an méid bídh a bhí ithte ag an gcúigear ach ní bhéidir sin sásta agus briseadh an cleamhnas.Anois bhí sean-duine críonna tamall ó'n mbaile in áit go nglaodhtar beal Átha an Mhuilinn ar. Chualaidh sé sin mar gheall ar an gcleamhnas agus dúbhairt sé an rann so;Is cuímhin liom cúig deag, agus is cuímhin liom chúig fhichid,
Is cuímhin liom liom long cúileann, do bhrúghadh is do bhriseadh,
Caithear mo thearna i mbeal Átha an Mhuilinn
Is ní fheaca biadh cúigir á dhúbhairt i mbille.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Cathalláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cathalláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí