Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aon cheann aca i rith na h-aimsire sin" adeir sé.
Bhí mé ins na Flaitheis freisin" adeir sé. "Áit bhréagh ar seisean. "Ni raibh a fhios agam cé'n chaoi a dtiubharfadh mé chuid de síol na bflaitheas liom bhuail mé clip ar dhreancad a bhí ag dul thart agus rinne mé mála dá craiceann chaith mé léim thar abhainn agus bhris mé an máilín agus thuit an síol síos san abhainn.
Ní raibh aon breac san abhainn nár tháinic agus sgiob gráinne uaidh. Shuidh mé síos agus thosuigh mé ag caoineadh. Tháinic caiptín na mbric agus dubhairt mé go raibh go síol na bflaitheis imtighthe ag a cuid bric".
"Má is é síol na bflaitheis atá imtighthe aca caithfidh siad é thabhairt ar ais agat". Nuair a fuair mé istigh iad cheap mé ghur mhaith an greim le níthe iad agus go mbfearr ná sin an chaiptín Thosuigh sé ag léimnigh uaim agus thosuigh mise ag léimnigh in-a dhiaidh.
Chuaidh sé isteach i scailp agus d'fáisc mé isteach in-a dhiaidh. D'fáisc an scailp ar mo cloigeann. Thug mé pull go mo cloigeann agus chaith mé suas ar an mbruach é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Fláithbeartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bearna, Co. na Gaillimhe