Scoil: Naomh Séamus (Freeport)

Suíomh:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maolruanaí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 355

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 355

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Leathanach 355
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fir ann fadó. Lá amháin chuaigh siad amach ar an sliabh. D'éirigh rud eicint eattora agus thosuigheadar ag troid. Do mharbuigh ceann aca an ceann eile. Rinne sé poll agus chuir sé an fear marbh ann. Annsin chuaigh sé go Meiriceá. Ní raibh fhios ag na daoine sa mbaile cá raibh an fear marbhuighthe. Tar éis tamaill tháinig an fear abhaile agus bhí na daoine ag deanamh bóthair trasna na sléibhe agus fuaireadar an fear curtha ann. Bhí an fear a tháinig ó Meiriceá ag obair ann freisin. Nuair a chuir an fear a lámh ar an gcorp, tháinig luisne ar a leicinn. Tugadh ó's cómhair na cúirte é agus chuireadh chun báis é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máitrín Ó Fáthartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Mhóinín Thiar, Co. na Gaillimhe