Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Leathanach 328
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann aon uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air Páidín. Bhí triúr aige. Pádraig, Líam agus Seán. Lá amháin bhí na triúr mac ar an bportach. Chonnaiceadar fear ag teacht chuca bhí mála aige. Nuair a tháinig an fear chomh fhada leo, tháinig (?) ar na buachaillí agus chuadar i bhfolach air. Ní raibh sé i bhfad go bhfuair sé iad. Rug sé ar Phádraig agus chuir sé síos na mála é agus d'imigh sé leo. Thosaigh an bheirt eile ag caoineadh. Ní raibh sé i bhfad go dtáinig sé go dtí teach. D'imigh an fear isteachsa teach. An fhad is bhí sé imithigthe isteach. D'oscail Liam an mála agus scaoil sé Pádraig amach.
Annsin fuair siad beart mór brosna agus líon siad an mála leis. D'imthigh na triúr as amharc. Nuair a tháinig an fear amach agus d'árduigh sé an mála ar a dhruim. Shíl sé go raibh Pádhruigh thíos sa mála i gcomhnuidhe. Nuair a tháinig sé chomh fada leis a theach féin. D'oscail sé an mála agus nuair a chonnaic sé an brosna sa mála, ní raibh fhios aige cé chuir an brosna síos sa mála. Bhí fearg air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobháin Ní Conghaile
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Foraí Maola, Co. na Gaillimhe