Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal grinn.
Bhí fear ann fadó. Ní raibh sé ag an Aifreann le tamall fada. Rug an sagart air an lá seo. "Cé'n uair a raibh tú ag an Aifrean[n] cheana." "Tá sé cúpla bliadhain ó shoin." "Cé'n fáth" adeir an sagart. Ní raibh aon bhríste agam. Thug an sagart brísde dhó. Bhí an bhrísde ró-fhada dhó. Dubhairt sé le a mnaoi troigh a bhaint dó. Bhí (an) bean eile sa teach agus dubha[irt] sí léithe é a dhéanamh. Níor bhain sí an troigh dhó. Bhí rud éigean ag ba[int?] codladh na h-oidhche dóibh. Dubhairt an fear le a mhnaoi an troigh a bhain[t] de'n. [!] "Rinne sí mar adubhairt sé léithe. Ní raibh sí istigh sa leabha arís go raibh sí in-a chodladh. D'éirigh an bhean eile agus bhain sí troigh eile dé'n bhríste. Nuair a d'éirigh an fear ar maidin chuir sé an bhrisd[e] air agus bhí sé ró-ghearr.- Faisnéiseoir
- Liam Ó h-Icídí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe