Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An escon a bhí i Loch Coirib.Bhí reilig in-aice le Cunga ar bhruach Locha Coirib. Bhí eascon mhór i Loch Coirib, agus chuile oidhche thagadh an t- eascon seo isteach sa reilig agus chartaigheadh sí an talamh agus bhaineadh sí na cuirp as an talamh agus d'itheadh sí iad. An lá seo cailleadh máthair an fhir seo agus dubhairt an fear nach n-íosfadh an t- eascon a mháthair. Fuair sé claidheamh trom agus thosuigh sé ag faire uirthi. Bhí poll ins an doras agus chuir sí a cloigeann isteach ins an bhpoll, tharraing an fear óg buille uirthi agus bhain sé an cloigeann dí. Thuit braon de'n fhuil ar a ladhairchín agus d'fhág sé an ladhairchín ar chloich agus ghearr sé de féin é, mar bhí fuil an eascoin nimhneach.
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe