Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Leathanach 305
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann agus bhí sé ar a bhealach go Gaillimh. Thuit an oidhche air agus chuaidh sé isteach i dteach ósta le h- aghaidh lóistín na h- oídhche a fhághail. Teach é seo do bíodh go leor (daine) daoine ag fanacht ann nuair a bhíodh siad ar a mbealach go go Gaillimh. Chuir sé an capall sa stábla. Bhí sé féin ag fághail réidh le dhul a chodhladh. Bhí madadh aige sa mbaile agus d'imthigh sé uaidh. Nuair a chuaidh sé isteach sa seomra bhí sé roimhe. Nuair a bhí sé réidh le dhul isteach sa leabha, do léim an mada isteach roimhe.
Sórt leabhadh é seo a bhí ós cionn abhann agus nuair a théigheadh na daoine isteach ann chasfadh sé thart timceall agus baitheadh iad san abhainn. Nuair a chuaidh an madadh isteach san leabhaidh do cas sé thart agus thuit an madadh isteach san abhainn acht do léim sé aníos aríst. Nuair a chonnaic an fear é seo chuir sé air a chuid éadaigh agus chuaidh sé síos go dtí an cistinneach. Nuair a chuala fear an tíghe é. D'iarr sé air céard a bhí air. Dubhairt an fear go raibh sé ag dul ag breathnughadh ar a chapall. Chuaidh sé abhaile agus d'innis sé an sgéal do na daoine agus ní dheachadh aoinne ann níos mó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Mhóinín Thiar, Co. na Gaillimhe