Scoil: Naomh Séamus (Freeport)

Suíomh:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maolruanaí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 307

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 307

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Leathanach 307
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Grinn
    Bhí fear tíre ann fadó agus bhí feilm mhór aige. Nuair a bhí sé in am pósadh aige phós sé bean mhaith. Bhí sí in- a bean mhaith le chuile rud acht bhí locht amháin uirrí. Sé sin ní fhéadfadh sí aon sgéal rúin a chonneál gan innseacht arís Is minic a bhíodh sí ag seanchas sgéalta a bhí ag cur na gcomhairsannaibh in-aghaidh a chéile. Bhí sé ag cinnt ar an bhfear í a stopadh agus bhí leisg air a bheith ag casaoid uirrí mar bhí sí'na bean an- mhaith le chuile rud eile
    Bhí píosa fada le dul ag an bhfear go dtí cuid dhá cuid talmhan. Lá amháin agus é ag siubhal go dtí páirc a bhí aige bris an talamh faoi na chois. Nuar [!] a chuaidh a chois síos san bpoll shíl sé gur airigh sé rud eicínt faoi agus crom sé síos go bhfeicfeadh sé céard a bhí ann. Thóg sé suas é agus céard a bheadh ann acht croca óir. Nuair a chonnaic sé céard a bhí ann shuidh sé síos ag cuimniú céard d'abróchadh sé le na mnaoí nuair a rachadh sé abhaile nó cé'n chaoi a n- innseochadh sé an sgéal dí, mar bhí fhios aige dá n- innsigheadh sé an sgéal dí go n-innseochadh sise do na comarsannaibh é. Annsin d'éirigh sé agus chuimhnigh sé ar cleas. D' imthigh leis annsin go dtí an baile mór agus cheannuigh sé dorugha agus cúpla breac agus coinín. Ar a bhealach abhaile dhó cheangail sé na bric ar sgeich ar thaobh an chasáin agus chuir sé an choinín amach i linn agus cheangail sé ann é. Nuair a chuaidh sé isteach d'fhiafruigh a bhean dó céard a choinnigh amuigh é. Dubhairt sé go bhfaca sé an coinín a bhíodh ins na sgeachaibh ins an uisge agus na bric a bhíodh ins an uisge ins na sgeachaibh agus go bfuair sé croca óir.
    An lá ina dhiaidh sin chuaidh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Cuirrín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Troscaigh Thoir, Co. na Gaillimhe