Scoil: Naomh Séamus (Freeport)

Suíomh:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maolruanaí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 310

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 310

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Leathanach 310
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal grinn
    Bhí fear in-Éirinn fado darb ainm Seáinín gréasaidhe. Séard a bhí ann gréasaidhe bróg. Bhí go leor sean bhróg le deasú aige, acht níor féad sé aon chuma a chur ortha mar bhí an-tóir aige ar chártaí agus bhíodh buachaillí an bhaile ag cruinneadh air. Oidhche agus é leo ag imirt agus bhí Seáinín ag cailleadh i gcomhnuidhe agus d'fág sin an-bhocht é. Tháinig sé sa saogal go raibh páiste óg ag a mhnaoi agus lá amháin thóg Seán leis faoi n-ascail é ag toruigeacht Carais Críost.
    Bhí sé ag siubhal leis gur casadh fear dhó. "Go mbeannuigh Dia Dhuit a Sheáin" adeir sé. "Dia is Muire dhuit" adeir Seán. "Cá bhuil tú dul fada seo," adeir sé. "Tá mé ag dul ag toruigheacht Carais Críost dhó seo" adeir Seán. "An dtóigfidh tú mise" adeir. "Go deimhin muise is tóigfidh" adeir Seán "Is mise Rí an Domhnaigh" adeir sé.
    Ní raibh i bhfad siubhalta aige nuair a casadh fear eile dhó agus bheannuighthear dhá chéile. "Cá bhfuil tú ag dul faoi dheifir mhór" adeir sé. "Tá mé ag dul ag tóruigheacht Carais Críost dhó seo" adeir Seán. "An dtógfaidh tú mise" adeir sé. "Cé tú féin" adeir Seán. "Is mise Naomh Peadar" adeir sé. "Go deimhin muise ní thógfaidh mé" adeir Seán agus d'imthigh leis. Is gearr a bhí siubhalta aige aríst nuair a tháinig sé go dtí coill agus tháinig fear amach as an gcoill chuige agus bheannuigh sé dhó agus bheannuightear dhá chéile. "An miste leat misa a thógáil" adeir sé. "Cé tú féin" adeir Seán. "Is mise an bás" adeir sé. "Go deimhin muise is tóigfe," adeir Seán "is tú is fuide a fhágfas agam é"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0332: Godfather Death
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Cuirrín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Troscaigh Thoir, Co. na Gaillimhe