Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sgéal Grinn
Bhí baintreabhach i Sléibh Dod. Bhí mac amháin aicí agus níor fhág sé an luath ariamh. Chuaidh a máthair amach lá amháin fliuch ag cuartughadh bídh dhó. Nuair a tháinig sí abhaile thosuigh sé ag cuartughadh an cléibhín. "Mhic adeir sí Dhéanfá sin go maith agus ní bheadh teine thíos agat a théitheadh mé. "Gléas mo lón dhom a mháthair agus racaidh mé ag iarraidh Ingin an Righ".
"Ara cá mbeitheá ag dhul a deir sí (go) do léitheid go fhear". Glacfaidh mé í a mháthair adeir sé má fhágaim í agus mar a ngeobhadh mé í cé'n dochar. Cé fearr leat an cáca beag le mo beannacht nó an cáca mór agus mo mhallacht.
Annsin bfearr leis an cáca beag agus a bheannacht. D'imthigh leis go dtí an Righ. "Go mbeannuighthe Dia dhuit adeir sé leis an righ. "Dia is Muire dhuit adeir an (a) rí".
"Cé b-ais a tháinic tú", As sléibh Dod" arsa an fear. Thug sé ag breathnughadh annsin ar pháirc mhór bromaighe. "An bhfaca tú an oiread sin broma ar do bhealach ariamh", adeir sé. "Bhí a dhá oiread ag mo mháthair i sléibh Dod" adeir sé.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Fláithbeartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bearna, Co. na Gaillimhe