Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Leathanach 376
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus bhí mac amháin aici. Do chuir sí crann ar an lá a rughadh é. Nuair a bhí sé seacht mbliadhan d'aois dubhairt a máthair leis a dhul amach agus an crann a tharraingt acht ní raibh sé i n don. Tar éis seacht mbliadhan eile dubhairt sí leis a dhul amach arís agus an chrann a tharraingt acht ní raibh sé i n don. Tar éis seacht mbliadhan eile dubhairt sí leis a dhul amach arís agus an chrann a tharraingt agus do tharraing sé é.
Annsin do rinne sé maide siubhail de'n chrainn. Dubhairt sé leis a máthair go gcaithfeadh sé a dhul ag obair. Chuaidh sé go dtí go dtáinig sé go caislean mhór. Do bhuail sé ar an dorais agus tháinig an rí amach. D'iarr sé air céard do bhí sé ag iarraidh. (oibre) "Tá mé ag iarraidh oibre" adeir an fear. Dubhairt an rí leis dhá bhuicéad uisge a fhághail. Chonnaic sé dhá bharaille taobh amuigh. Thug sé leis iad go dtí an tobair. Do líon sé iad agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Mhóinín Thiar, Co. na Gaillimhe