Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn mór-siubhal i ngach baile mór an lá sin.
Lá 'le Seáin. An tráthnóna sin lasann gach duine teine-cnámh i n-onóir Naomh Seáin agus bíonn gach duine ag damhsa agus ag seinm ceoil.
Lá Samhna. An lá sin ceannuigheann gach duine ubhla agus cnótha, agus oidhche Samhna annsin cuireann siad na h-ubhla i dtubán agus cuireann siad uisce ann freisin agus dúnann siad a gcuid súil agus bíonn siad ag iarraidh breith ar na h-ubhla, annsin cuireann siad cré i fó-cupáin amháin, uisce i gceann eile agus fáinne i gceann eile.
Annsin fágann siad iad ar an mbord agus tagann duine análl agus má cuireann siad a gcuid lámh ar an gceann a raibh an cré ann déarann said go ngeobhfadh siad bás sul a bhéas na bliadhna sin caithte agus má cuireann siad a gcuid lámha ar an gceann leis an t-uisce ann deireann siad go dtiocfadh siad thar sáile sul a bhéas na bliadhna caithte.
Lá 'le Máirtín. An lá sin marbhuigheann gach duine coileach nó sicín aguc cuireann siad a chuid fola ar a mbaithisibh.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Íarnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)