Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 491
- XML “Filí an Bhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i n-a chomhnuidhe i gCloigcheam fadó agus bhí sé n-a fhile. Pádraig Ó Catháin b'ainm dó. Ceapann na daoine gur rugadh é sa mbliain 1841 nó mar sin agus gur cailleadh é timpeall na bliana 1919. Feilimeáracht an slighe beatha a bhí aige. Thiar ar an mBréandán i n-aice leis an Mám a cuireadh é. Chum se "Amhrán an Tlú," agus tá sé ag cuid de na daoine fós. Bhí Pádraig in-ann sgríobhadh agus leigheamh ach chuaidh sé i bhfad ó bhaile nuair a bhí sé óg ag foghluim. Sgríobhadh sé síos gach amhrán a cheapadh sé.Bhí file eile ar an gCeathrú Garbh fadó agus is é an t-ainm a bhí air Seán Ó Cadhain. Feilméaracht a bhí mar slighe beatha aige. Tá sé i bhfad ó shoin ó cailleadh é. Thiar ar an mBreándán i n-aice leis an Mám a cuireadh é freisin. Amhráin Gaedhilge a bhiodh sé ag cumadh. Ní raibh mórán leighinn aige. Ní raibh aon bheárla ar bith ag Seán Ó Cadhain agus ní raibh mórán ach an oiread ag Pádraig Ó Catháin ach bhí roinnt aige. Ní raibh aoinne de'n bheirt sin ag cumadh amhrán ag cáineadh a chéile. Bhídís ag cabhrughadh le n-a chéile ag cumadh na h-amhrán. Bhí an-mheas ag na daoine ar an mbeirt filí sin mar bhí aithne mhaith acu ortha. Níor cheap na daoine go raibh cumhacht faoi leith acu.Bhí fear n-a chomhnuidhe i gCloighceam agus sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droigneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe