School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 491

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 491

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 491
  3. XML “Filí an Bhaile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear i n-a chomhnuidhe i gCloigcheam fadó agus bhí sé n-a fhile. Pádraig Ó Catháin b'ainm dó. Ceapann na daoine gur rugadh é sa mbliain 1841 nó mar sin agus gur cailleadh é timpeall na bliana 1919. Feilimeáracht an slighe beatha a bhí aige. Thiar ar an mBréandán i n-aice leis an Mám a cuireadh é. Chum se "Amhrán an Tlú," agus tá sé ag cuid de na daoine fós. Bhí Pádraig in-ann sgríobhadh agus leigheamh ach chuaidh sé i bhfad ó bhaile nuair a bhí sé óg ag foghluim. Sgríobhadh sé síos gach amhrán a cheapadh sé.
    Bhí file eile ar an gCeathrú Garbh fadó agus is é an t-ainm a bhí air Seán Ó Cadhain. Feilméaracht a bhí mar slighe beatha aige. Tá sé i bhfad ó shoin ó cailleadh é. Thiar ar an mBreándán i n-aice leis an Mám a cuireadh é freisin. Amhráin Gaedhilge a bhiodh sé ag cumadh. Ní raibh mórán leighinn aige. Ní raibh aon bheárla ar bith ag Seán Ó Cadhain agus ní raibh mórán ach an oiread ag Pádraig Ó Catháin ach bhí roinnt aige. Ní raibh aoinne de'n bheirt sin ag cumadh amhrán ag cáineadh a chéile. Bhídís ag cabhrughadh le n-a chéile ag cumadh na h-amhrán. Bhí an-mheas ag na daoine ar an mbeirt filí sin mar bhí aithne mhaith acu ortha. Níor cheap na daoine go raibh cumhacht faoi leith acu.
    Bhí fear n-a chomhnuidhe i gCloighceam agus sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Droigneáin
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway