Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Féilí na bliana
Lá ‘le brighde- Fadó téigheadh na daoine boctha thart agus bhídís ag dul isteach agus amach faoi crois Bhrighde trí h-uaire i ngach teiach agus tugadh na daoine airgead dóibh mar sin é an slighe beatha a bhí acu. Bhídís ag imirt go leor cluichthe, 'Brighid agus a brat' Sé an chaoi a n-imrighidís é, téigheadh fear an tighe amach agus bhíodh uisge coisrighthe aige. Chraitheadh sé cuid de ar gach sgioból agus cró beag a bhí aige. Ansin tagadh sé isteach sa teach. Bhuaileadh sé ar an doras agus deireadh sé “Leigidh isteach Brighid agus a brat agus Micheál is a sgiath.” D’osglóchaidís an doras dhó annsin agus chraitheadh sé an t-uisge coisreacain i ngach seomra agus thart ar an teach. Annsin nuair a bhíodh sin deánta aige suidheadh na daoine go léir chun buird agus bhíodh feásta mór acu.
Lá ‘le Pádraig - Bíonn patrúin ar an bhfáiurche an lá sin agus téigheann go leor daoine ann. Bíonn féasta beag nó mór ag gach duine an lá sin i n-onóir do Naomh Pádraig.
Máirt na h-inide- Is ar an Máirt roimh Céadaoin na luaithridh a tugtar Máirt na h-Inide. Pósann go leor daoine an lá sin mar ní fhéadann siad posadh arís go mbeidh an carghus thart. Caithtear - salann ar na daoine ion phóstha nach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe