Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhór iseadh é. Chonnaic na daoine soillse in aice leis agus chuala siad gleo istigh ann. Deirtear go bhfuil go leor taidhbhsí agus sidheóga ann.Bhí lios eile i gCurrán, baile atá in aice le Uachtarárd. Bain na daoine é fadó mar bhí siad ag cur fataí ins an áit a bhí sé. Deirtear go bhfuair an fear a bhain é go leor arigead i bhfolach ann. Deirtear gur b'iad na Lochlannaigh a chuir an t-airgead sin i bhfolach. Deirtear go raibh cat fiadáin ag tabhairt aire don lios agus do'n ór, ach ó friothadh an t-ór ní fheiceann aoinne an cat.Bhí lios an-mhór ar fad sa gcnoc mór i n-aice leis an Mám ach bhain na daoine as an áit seo é mar bhí sé contabhairteach do bheithidhigh. Bhí sé thíos i lagán agus ní fheicidís é go dtuitfidís isteach ann. Ní raibh tada ann nuair a bhain siad é. Ní maith le daoine an sgeach gheal a bhaint mar creideann siad gur b'iad na sidheoga a chuir iad. Siné an fáth nár mhaith le na daoine aon lios do bhaint mar is minic a bhíonn sgeach gheal i n-aice le lios, agus ní fhéadfaidís an lios a bhaint gan an sgeach a bhaint. Timpeall deich mbliana ó shoin bhain fear thart annseo sgeach gheal a bhí ag fás ós cionn tobair. Nuair d'éírigh sé ar maidin lá'r na bhárach ní raibh ribe gruaige ag fás ar a cheann ná ar a éadan. Ní gáh dhó é feín a bhearradh ó shoin.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe