Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá dhá lios i nDruim Snámh, baile atá trí mhíle thiar ó Chornamóna. Tá an dá lios i radharc a chéíle. Fuair na daoine go leor soithigh adhmaid ionnta fadó. Naigíní a thugann na daoine ar na soithigh a fritheadh ionnta.Tá lios eile i gcnoc atá i gCloigcheann, baile atá cúpla míle taobh thiar de Chornamóna. Tá banc cré thart air. Níl ach poll an-bheag ag dul isteach ann. Tá na daoine ag ceapadh gur chun rudaí a bhíodh sa gcogadh a chuir i dtaisge a rinneadh é.Tá lios eile i Leac-Amhreidh atá taobh thall de Loc Coirribh. Tá sé thuas i mbárr an chniuc agus tá claidhe thart timpeall air. Ní chuimhnigheann na daoine ar aon rud a fheiceál i n-aice an leasa sin. Ní dheacha aon duine isteach i n-aon lios acu ach amháín na liosanna i nDruim Snámh. Chuaidh fear isteach ionnta sin uair amháin agus fuair sé go leor rudaí ionnta.Tá na daoine ag ceapadh gur b'iad na Lochlannaigh a rinne na liosanna i nDruim Snámh agus in Leac- Ámhréidh ach níl fhios acu cé rinne na liosanna i gCnoch gCloigcheam nó sa Móinín Mór ach creideann na daoine go bhfuil sidheoga i n-aice gach lios agus mar sin tá faitchíos ortha dhul isteach ionnta. Tá lios eile thiar i Muintir Eoghain. Lios an-(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe