Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfaca na daoine ainmhidhe beag dubh san uisge agus ní fhacadar a leithead aninmhidhe roimhe sin ná ó shoin. Thiar i n-aice leis an Mám a chonnaic siad é. Dob' é Máirtín Ó Catháin an chéád duine a chonnaic é agus é ag bádóíeacht. Rinne sé iarraidh ar breith air ach gach uair a théígheadh sé i n-aice leis d'imtheóchadh sé as radharc. Chonnaic go leor daoine eile in a dhiaidh sin é agus a cheann suas ó'n uisge aige i gcomhnuidhe.Chonnaic na daoine gamhan mór ar an Máimí i gCloigheann i n-aice le Corr na Móna. Bhíodh sé mór ar maidin agus beag sa tráhnóna. Fuair fear go leor ór i bhfolach i Máimím. Máimín an Ghamhain a tugtar air anois.Fadó ní fhéádfadh aon duine theacht soir ón Mám tar éis a dó dhéág gan ainmhidhe a dul soir leis ós a chionn agus é ag beicín ar nós leinbh. Ní raibh fhios ag na daoine an ean nó ainmhidhe a bhí ann mar ba chosamhail le ainmhidhe é. Bhí cosa agus gruag ag fás air ach bhí sgiatháín agus gob éín air. Bhíodh sé ag teacht níós giorra agus níos ísle de réir mar bhíodh an duine ag teannadh le bárr an mullaigh agus annsin d'imtheóchadh sé. "Goll na mBéicuach" a tugtaoí air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe