Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 451
- XML “Leigheasanna”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Deirtear go leigheasfadh anal gandail crios-galar ar pháiste óg.2) Leigheasfadh teagasc fear capaill bháín trioch ar malrach.3) Nuair a bhionn muineál tinn ar dhuine, deir na sean-daoine go leigheasfadh salann rósta fillte i n-éadach olna é.4) Deirtear go leigheasfadh bran te pian i gcluais duine5) Deirtear go leigheasfaidhe pian i bhfiacal duine dá gcuirfeadh sé frog in a bhéal agus trí scread a bhaint as ann.6) Deirtear go leigheasfadh cupóga sráide droch-ghearradh. Cupóga Chruach Phadraig ainm eile atá ortha.7) Leigheasfadh sugh neantó bruitíneach ar duine. Bruithtear na neantóga i mbainne agus óltar an bainne annsin.8) Deirtear go bhfuil an seachtmhadh mac i n-ann gach galar a leigheas acht is rí-annamh a bhíonn an seachtmhadh mac ann.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droighneain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- 1) Tá leigheas i dteanga sionnaigh le h-aghaidh aon ghearradh a bhíonn ar dhuine. Is féidir leis dealg a bhaint as chois duine.2) Tá sé rádithe dá n-ólfadh duine bainne asail nuair a bheadh an trioch air go leigheasfaidhe é. Bhí sé de nós ag na daoine fadó, iarraidh ar dhuine a mbeadh capall bán aige, cad é an leigheas a bhí aige do thrioch agus cibé céard a déarfadh sé dá ndéanfadh an duine é sin go(leanann ar an chéad leathanach eile)